Clár 5: Cainteoirí agus Ceoltóir as Iar-dheisceart Dhún na nGall. Ba i Mín an Chearbhaigh in Iar-dheisceart Dhún na nGall a rugadh Cathal Ó Baoighill in 1894. Bhí saibhreas Gaeilge agus seanchais i Mín an Chearrbhaigh ag an am agus fuair Cathal cuid mhaith scéalta óna athair agus seanchaithe eile fan cheantar. Sa chlár seo insionn Cathal an scéal Donnchadh Ó Curraoin as na Rosa; Thaifead Máirtín O Cadhain an scéal Buachaill Bó Shliabh Luachrais ó Mícheál Ó hIghne (Micí Phadaí Bháin) as Atharrach i dTeileann sa bhliain 1957. Feirmeoir beag a bhí i Mící, iascaire & fear greannmhar a raibh deis a labhartha aige agus a raibh an-ghean aige ar a cheantar dúchais –Teileann; Tá an sar fhidiléir as Teileann Prionsias Ó Casaide le cluinstin ar an gclár chomh maith.